Nuacht & Imeachtaí

Teach Oscailte Bhaile Átha Cliath

Tá páirt á glacadh ag an Roinn Post, 23 Sráid Chill Dara, i dTeach Oscailte Bhaile Átha Cliath Ócáid ar leith atá á cur i láthair ag Foras Ailtireachta na hÉireann is ea Teach Oscailte Bhaile Átha Cliath

15 Deireadh Fómhair 2014

Tá páirt á glacadh ag an Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta i dTeach Oscailte Bhaile Átha Cliath ó bunaíodh in 2005 é.  Is í Foras Ailtireachta na hÉireann a eagraíonn Teach Oscailte Bhaile Átha Cliath agus is éard a chuirtear i láthair ann gach bliain níos mó ná 100 foirgneamh, idir fhoirgnimh chónaithe agus fhoirgnimh de chuid an Rialtais nach mbíonn fáil ag an bpobal i gcoitinne orthu de ghnáth. 

Agus é ar an gcéad oifig a tógadh go sainiúil don Rialtas tar éis bhunú an Stáit, tá an foirgneamh ar 23 Sráid Chill Dara ina shampla d’ailtireacht chlasaiceach de chineál Art Déco.  Ba é JR Boyd Barrett a dhear an foirgneamh mar chuid de chomórtas ailtireachta i 1935, agus críochnaíodh é i 1941. Ar an bhfoirgneamh, tá rilífí a shnoigh Gabriel Hayes, bansníodóir. I measc saothar eile dá cuid, bhí na boinn leathphingine, 1p agus 2p a raibh éan Ceilteach mar mhóitíf orthu agus a bhí i gcúrsaíocht go dtí gur glacadh an Euro in 2002.

Beidh 23 Sráid Chill Dara ar oscailt idir 1-5 Dé Sathairn an 18 Deireadh Fómhair. Beidh turais á dtreorú ag ailtire sinsearach ó Oifig na nOibreacha Poiblí agus is ar bhonn ‘tús freastail ar an gceann is túisce’ a reáchtálfar iad, agus an turas deiridh á thosú ag 4.30pm. Freastalaímid ar leanaí agus ar chathaoireacha rothaí.

Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ar  www.openhousedublin.com.

Twitter: @IAFarchitecture #openhousedublin Facebook: www.facebook.com/irisharchitecturefoundation Mol faisnéise: Beidh oibrithe deonacha de chuid Teach Oscailte Bhaile Átha Cliath sásta cabhrú leat áit a chur in áirithe, ceisteanna ginearálta a dhéanamh agus clárúchán crannchuir a fháil. An Luan-An Aoine, 12:00-16:00 Cuir glao ar 085 785 7801 085 7857829