Nuacht & Imeachtaí

Déanann an tAire Bruton agus an tAire Nash comhghairdeas le Patricia King ó tharla í a bheith ceaptha mar Ard-Rúnaí ICTU

21ú Eanáir 2015

Rinne an tAire Post, Fiontar agus Nuálaíochta, Richard Bruton TD agus an tAire Stáit um Ghnó agus Fostaíocht, Ged Nash TD, comhghairdeas inniu (Dé Céadaoin) le Patricia King ó tharla í a bheith ceaptha mar Ard-Rúnaí Chomhdháil na gCeardchumann.

Dúirt an tAire Bruton:

"Tá áthas orm comhghairdeas a dhéanamh le Patricia ó tharla í a bheith ceaptha ina Ard-Rúnaí ainmnithe de chuid Chomhdháil na gCeardchumann. D'oibrigh mé le Patricia ar roinnt saincheisteanna le ceithre bliana anuas - agus le roinnt blianta roimhe sin freisin - agus bhraith mé i gcónaí go raibh sí fíor-phroifisiúnta agus go hiomlán tiomnaithe do chur chun cinn a cuid comhaltaí. Táim ag tnúth le bheith ag obair léi ina ról nua".

"Ba mhaith liom freisin ómós a léiriú ag an tráth seo do David Begg, a éireóidh as a ról go gairid mar Ard-Rúnaí ICTU. Is ionadaí díograiseach a bhí i David go dtí seo ar son comhaltaí an cheardchumainn ar fud na tíre ar feadh na mblianta agus sheas sé go láidir ar son cearta agus leasanna na n-oibrithe ar feadh an achair sin. Guím gach rath air sa todhchaí".

Dúirt an tAire Nash:

"Is céim stairiúil í seo don Chomhdháil - an chéad bhean ceaptha ina Ard-Rúnaí agus ba mhaith liom comhghairdeas ó chroí a dhéanamh le Patricia King. Tá aithne agam ar Patricia agus d'oibrigh mé léi ar feadh na mblianta agus tá éachtaí láidre bainte amach aici ó thaobh ionadaíocht a dhéanamh ar leasanna an lucht oibre. Is ceannaire den scoth í Patricia agus táim cinnte go mbainfidh sí leas as sin agus í ag obair ar son na n-oibrithe agus muid ag brú reachtaíocht shuntasach chun cinn i réimse an chaidrimh thionscail, ar nós Cómhargáil, Comhaontuithe Fostaíochta Cláraithe agus an Coimisiún um Phá Íseál, chun an téarnamh a bhuanú."

"Ba mhaith liomsa freisin, David Begg, Ard-Rúnaí an ICTU atá ag éirí as a phost a mholadh as an obair dhian atá déanta aige ar son na gcomhaltaí le linn na mblianta is deacra a bhí os comhair na tíre seo riamh".

CRÍOCH

Chun tuilleadh eolais a fháil téigh i dteagmháil le:

Preasoifig DJEI, teil: (01) 631 2200 nó ríomhphost: press.office@djei.ie