Nuacht & Imeachtaí

Seolann An tAire Bruton Plean Gníomhaíochta an Oirthuaiscirt/an Iarthuaiscirt do Phoist, plean atá ina chuid den straitéis €250 milliún um poist réigiúnacha

Dá gcuirfí an Plean chun feidhme go rathúil le haghaidh Chontae Dhún na nGall, Chontae Shligigh, Chontae Liatroma, Chontae an Chabháin, Chontae Mhuineacháin agus Chontae Lú, chruthófaí 28,000 post sa bhreis sa réigiún - an tAire Bruton

30 Samhain 2015

Seolfaidh an Rialtas inniu (an Luan) Plean Gníomhaíochta an Oirthuaiscirt/an Iarthuaiscirt do Phoist. Is é an aidhm atá leis ná fás fostaíochta 10-15% a bhaint amach sa réigiún sna blianta le teacht.

Tá an Plean ar an séú ceann de na 8 bplean réigiúnacha post a fhoilseofar sna míonna romhainn mar chuid de straitéis nua €250 milliún um poist réigiúnacha atá á treorú ag Richard Bruton TD, an tAire Post, Fiontar agus Nuálaíochta.

Ó seoladh an Plean Náisiúnta Gníomhaíochta do Phoist go luath sa bhliain 2012, tá 20,000 duine sa bhreis i mbun oibre san Oirthuaisceart/san Iarthuaisceart (méadú 12%). Idir an bhliain 2008 agus an bhliain 2011, cailleadh 31,600 post sa réigiún. Sa phlean atá á sheoladh inniu, dírítear ar fhás fostaíochta de 10-15% os cionn leibhéil fostaíochta an lae inniu.

Le Plean an Oirthuaiscirt/an Iarthuaiscirt, clúdaítear Contae Dhún na nGall, Contae Shligigh, Contae Liatroma, Contae an Chabháin, Contae Mhuineacháin agus Contae Lú. Ar na príomhearnálacha a bhfuiltear ag díriú orthu mar chuid den phlean tá earnálacha atá láidir go traidisiúnta sa réigiún, amhail an t-agraibhia, an déantúsaíocht/an innealtóireacht agus an turasóireacht, agus réimsí a bhfuiltear ag díriú orthu le haghaidh fás amach anseo, amhail íocaíochtaí digiteacha, an teicneolaíocht ghlan agus seirbhísí cruthaitheacha. Ar an 152 ghníomh sa phlean atá le baint amach sa tréimhse 2015-2017 tá:

  • Méadú de 25% ar a laghad ar líon na ngnólathas nuathionscanta sa réigiún a bhaint amach agus feabhsú de 25% ar ráta marthanais na ngnóthas nua a bhaint amach.
  • Líon na n-infheistíochtaí arna ndéanamh ag GFT Éireann sa réigiún a mhéadú faoi 30-40% go dtí an bhliain 2019. Beidh sé sin ina chúis le 61 thionscadal bhreise ar a laghad a bheith i réigiún an Oirthuaiscirt/an Iarthuaiscirt faoin mbliain 2019. Mar chuid den obair sin, tá raon réitigh réadmhaoine á sholáthar ag GFT Éireann, lena n-áirítear saoráidí ardteicneolaíochta i Leitir Ceanainn, i Sligeach agus i nDún Dealgan.
  • Forbróidh GFT Éireann tairiscint luacha don Oirthuaisceart/don Iarthuaisceart a bheidh dírithe ar infheistíochtaí féideartha “dara suíomh” a aimsiú ó chuideachtaí ag a bhfuil oibríochtaí mórscála reatha i mBaile Átha Cliath.
  • Íocfaidh na hOifigí Fiontar Áitiúil breis agus €2.2 milliún amach i gcistiú deontais agus cuirfidh siad tacaíocht oiliúna agus mheantóireachta ar fáil do níos mó ná 1,500 duine gnó in aghaidh na bliana.
  • Idir 300 ceann agus 500 ceann de phoist sa bhreis a chruthú i réigiúin Ghaeltachta le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta.
  • Dhá Fhóram Réigiúnacha Scileanna a chur ar bun chun a chinntiú go sreabhfar scileanna tábhachtacha chuig fiontair sa réigiún.
  • Fóram Réigiúnach Nuálaíochta le haghaidh réigiún an Oirthuaiscirt/an Iarthuaiscirt chun tacaíocht a thabhairt do níos mó cuideachtaí nuáil agus páirt a ghlacadh i dtaighde agus forbairt.
  • An earnáil déantúsaíochta – cláir nua oiliúna in uirliseoireacht innealtóireachta mionchruinnis; tionscnaimh nua ó Fhiontraíocht Éireann lena dtugtar tacaíocht do chuideachtaí déantúsaíochta scálú agus easpórtáil; tabhairt faoi Ionad Barr Feabhais um Uirliseoireacht agus Dearadh a bhunú.
  • An earnáil bia – cláir réigiúnacha nua um an nuálaíocht bhia, méadú ar an líon rannpháirtithe i gClár an Acadaimh Bhia agus moil bhreise bhia sa réigiún agus forbairt á déanamh ar na tionscadail rathúla atá i bhfeidhm cheana.
  • An earnáil turasóireachta – Gormbhealach na Sionainne-na hÉirne, tuilleadh forbartha ar thionscnaimh timpeall Shlí an Atlantaigh Fhiáin agus Oirthear Ársa na hÉireann.
  • An teicneolaíocht ghlan – iniúchadh a dhéanamh ar an bhféidearthacht a bhaineann le hIonad Nuálaíochta um Fhuinneamh In-athnuaite sna Cealla Beaga.
  • Íocaíochtaí Digiteacha – oibreoidh GFT Éireann agus Fiontraíocht Éireann leis an tionscal chun dul chun cinn a dhéanamh ar Chnuasach Íocaíochtaí Digiteacha feadh chonair an M1.
  • Tionscnaimh thrasteorann – tionscnaimh nua thrasteorann a fhorbairt, lena n-áirítear tionscnaimh chun tarraingt anuas an chistithe taighde agus nuálaíochta (méid spriocdhírithe €16 milliún a mbainfidh 1400 gnóthas leas as) a mhéadú, tuilleadh úsáide as an teorainn mar dheis do chuideachtaí dul isteach i margaí easpórtála den chéad uair.
  • Cur chun feidhme – tá struchtúr cuimsitheach cur chun feidhme á bhunú chun soláthar an phlean a chinntiú.

 

Beidh na leibhéil fás fostaíochta a bhainfear amach sa raon sin dáiríre ag brath ar thosca lena n-áireofar an leibhéal tacaíochta agus comhair sa phobal áitiúil don Phlean agus an leibhéal comhair idir eagraíochtaí sa réigiún agus na príomhchomhlachtaí Rialtais a bhfuil baint acu leis an bplean. Creideann an tAire Bruton go bhfuil sé réadúil féachaint le 28,000 post sa bhreis a chruthú sa réigiún faoin mbliain 2020, bunaithe ar an bhfianaise ar fad atá ar fáil agus ar an nglacadh láidir leis an bpróiseas go dtí seo.

Dúirt an tAire Bruton: “Is ag méadú fud fad na tíre faoi láthair atá poist. Mar sin féin, tá siad ag méadú ar ráta níos tapa i roinnt réigiún ná atá siad i réigiúin eile. Sin é an fáth ar chuireamar an straitéis €250 milliún um poist réigiúnacha i bhfeidhm. Is é an aidhm atá léi tacaíocht a thabhairt do réigiúin a láidreachtaí a úsáid agus fás fostaíochta a luathú i ngach ceantar. 

“Réigiún a bhfuil fadhbanna dífhostaíochta ann le fada an lá is ea réigiún an Oirthuaiscirt/an Iarthuaiscirt. A bhuí lena nuálaí atá a chuid oibrithe agus gnóthas, áfach, tá sé ag feidhmiú go láidir le blianta beaga anuas. Ó sheolamar an Plean Gníomhaíochta Náisiúnta do Phoist go luath sa bhliain 2012, tá 20,000 duine sa bhreis i mbun oibre sa réigiún, rud a fhágann go bhfuil sé ar an tríú réigiún is gasta fás sa tír ó thaobh fostaíochta de. Bíonn méadú tapa ag teacht ar líon na bpost i gcuideachtaí onnmhairiúcháin a dtacaíonn an Roinn seo leo. Mar sin féin, is féidir linn níos mó a dhéanamh agus sin é an fáth a bhfuilimid ag cur an phlean an-uaillmhianach seo i bhfeidhm chun cruthú fostaíochta sa réigiún a luathú go suntasach. 

“Táim cinnte go bhféadfaimid 28,000 post sa bhreis a sholáthar sna blianta le teacht fad is go gcuirfear an tacaíocht cheart ar fáil ón Rialtas trí Phlean an Oirthuaiscirt/an Iarthuaiscirt agus go leanfar leis an gcur chuige comhoibríoch atá á ghlacadh ar fud an réigiúin. B’ionann sin agus 28,000 páphaicéad sa bhreis a bheadh ag teacht isteach i bpobail agus chuirfeadh sé 25,000 saol ar an mbóthar ceart an athuair. Is sprioc í sin ar fiú féachaint lena baint amach”.

Dúirt Heather Humphreys, an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus TD don Chabhán/Muineachán: “Ó seoladh an Plean Gníomhaíochta do Phoist sa bhliain 2012, tá laghdú de bheagnach 30% tagtha ar an leibhéal dífhostaíochta ar an gCabhán agus i Muineachán. Cabhróidh an Plean Gníomhaíochta nua, spriocdhírithe agus réigiúnach seo le cruthú fostaíochta a bhrú chun cinn arís eile ar fud réigiún na teorann, agus béim á cur ar ghnóthais nuathionscanta a spreagadh, ar an leibhéal infheistíochta ó GFT a mhéadú agus ar thacaí níos fearr a chur ar fáil do ghnóthais áitiúla. Cabhróidh an plean lena chinntiú go mbíonn téarnamh geilleagrach le brath ar fud an réigiúin de réir mar a fhilleann níos mó daoine ar an obair.” 

Dúirt Ged Nash, an tAire a bhfuil Freagracht Speisialta air as Gnó agus Fostaíocht agus TD do Lú/an Mhí Thoir: “Níl aon amhras ann go ndearna an ghéarchéim eacnamaíochta an-dochar don réigiún, agus an ráta dífhostaíochta ag méadú go 16.6% dá barr. Mar gheall ar a láidre atá bonn fiontar an réigiúin agus ar a dhícheallaí atá muintir an réigiúin, d’éirigh leis ceann de na feidhmíochtaí is láidre sa tír a bhaint amach ó thaobh fás fostaíochta de, agus méadú 12% tagtha ar an ráta fostaíochta ó seoladh Plean Gníomhaíochta an Rialtais do Phoist sa bhliain 2012.” 

“Is gá dúinn cur leis an téarnamh geilleagrach sin anois chun a chinntiú go gcruthófar tuilleadh post agus deiseanna. Tá áthas ar leith orm go bhfuil an Cnuasach Íocaíochtaí Digiteacha feadh Chonair an M1 ar áireamh sa Phlean Gníomhaíochta seo, agus forbairt á déanamh ar an rath atá bainte amach ag cuideachtaí atá ar bun cheana féin - PayPal, eBay, State Street, Vesta agus Yapstone ina measc - chun cuideachtaí eile dúchasacha agus infheistíochta dírí eachtraí a mhealladh san earnáil sin.” 

CRÍOCH

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, déan teagmháil leis an bPreas-Oifig, an Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta ach glao a chur ar 6312200 nó ríomhphost a sheoladh chuig press.office@djei.ie

Nótaí d’Eagarthóirí

Tá Plean Gníomhaíochta an Oirthuaiscirt/an Iarthuaiscirt do Phoist ar fáil ag www.djei.ie/Djei/en/Publications/APJ-NE-NW-2015-2017.html

Sa tréimhse ón mbliain 2011 go dtí an bhliain 2014, tá méadú de 3,400 post (méadú 13%) tagtha ar líon na bpost i gcuideachtaí i réigiún an Oirthuaiscirt/an Iarthuaiscirt a dtacaíonn Fiontraíocht Éireann agus GFT Éireann leo. I gcomparáid leis an bhfigiúr sin, cailleadh beagnach 5,000 post (laghdú 16%) i gcuideachtaí i réigiún an Oirthuaiscirt/an Iarthuaiscirt ar thacaigh Fiontraíocht Éireann / GFT Éireann leo sa tréimhse 2008 - 2010. Féachfaidh Plean Gníomhaíochta an Oirthuaiscirt/an Iarthuaiscirt do Phoist le cur leis an dul chun cinn atá déanta cheana féin.

Chun leanúint a dhéanamh ar mhúnla náisiúnta rathúil an Phlean Gníomhaíochta do Phoist a thacaigh le 100,000 post breise a chruthú 21 mhí roimh an spriocdháta agus chun a chinntiú go soláthrófar an Plean, tá struchtúr cuimsitheach cur chun feidhme á chur i bhfeidhm. Sanntar spriocdhátaí agus eagraíochtaí i gceannas i gcás gach gnímh. Tá “Coiste Cur Chun Feidhme Réigiúnach um Plean Gníomhaíochta an Oirthuaiscirt/an Iarthuaiscirt do Phoist” á chur i bhfeidhm, agus pearsa tionscail mar chathaoirleach air, chun cur chun feidhme an phlean seo a bhrú chun cinn agus gníomhartha nua a chuirfear leis thar shaolré an phlean a shainaithint. Foilseofar Tuairiscí ar an Dul Chun Cinn ar leibhéil chur chun feidhme gach sé mhí.