Nuacht & Imeachtaí

Maoiniú Taighde ar fiú €127 milliún é bronnta ag an AE ar Éirinn

Molann an tAire English don Earnáil Thionsclaíoch dlús a chur faoin gcomhoibriú agus faoin nuálaíocht faoi Horizon 2020

€27 milliún sa bhreis ar an sprioc a bhí sonraithe i bPlean Gníomhaíochta do Phoist 2014 bronnta

Inniu (28 Iúil 2015), thréaslaigh an tUasal Damien English T.D., an tAire Scileanna, Oideachais agus Nuálaíochta, le taighdeoirí agus le cuideachtaí in Éirinn as maoiniú €127 milliún a mhealladh go hÉirinn i rith na chéad bhliana de Horizon 2020, clár reatha maoinithe taighde agus nuálaíochta an AE. Ciallaíonn an rath a bhí ar Éirinn i ndáil le maoiniú a fháil go bhfuil an sprioc náisiúnta do 2014 a bhí sonraithe i bPlean Gníomhaíochta do Phoist 2014 sáraithe faoi 27% 

Le linn dó a bheith ag labhairt ag Lá Ceannaireachta Thionsclaíoch Horizon 2020 i gColáiste na hOllscoile Corcaigh (UCC), thug an tAire ardmholadh do thaighdeoirí agus do chuideachtaí in Éirinn ar léir anois toradh iontach a bheith ar a gcuid oibre: ‘Ó tharla an oiread sin iomaíochas a bheith ann chomh fada is a bhaineann le maoiniú a fháil ón AE do thaighde agus do nuálaíocht, is éacht mór é an sprioc náisiúnta a shárú faoi 27% agus maoiniú luach €127 milliún a mhealladh go hÉirinn.’

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire freisin: ‘D'eascair 85% den mhaoiniú a fuarthas in 2014 as an réimse TFC, deontais taighde ón gComhairle Eorpach um Thaighde (ERC) agus deontais oiliúna do thaighdeoirí (‘Gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie’), Ardábhair, Ard-déantúsaíocht agus Ardphróiseáil, Biteicneolaíocht agus Agraibhia.

‘Ainneoin gur cúis áthais dom an maoiniú seo a bheith faighte tuigim freisin an tábhacht a bhaineann le rannpháirtíocht taighdeoirí agus cuideachtaí Éireannacha i gclár Horizon 2020 ionas go mbeidh deiseanna comhoibrithe agus nuálaíochta acu leis na taighdeoirí is fearr san Eoraip, deiseanna a bheidh mar bhonn le barr feabhais sa chóras náisiúnta.’

Áirítear an Lá Ceannaireachta Thionsclaíoch a reáchtáladh i gCorcaigh i measc na n-imeachtaí agus na ngníomhaíochtaí éagsúla a thacaíonn le hiarrachtaí na hÉireann faoi Horizon 2020. Is é atá mar aidhm le himeacht an lae inniu aird a tharraingt ar na deiseanna tionscalbhunaithe atá luaite in Horizon 2020 ó tharla go bhfuil níos mó béime á leagan sa chlár seo ar nuálaíocht ná mar a bhí sna cláir a cuireadh i dtoll a chéile roimhe seo. Tá breis is €35 Milliún den mhaoiniú iomlán a cuireadh ar fáil in 2014 bronnta ar chuideachtaí Éireannacha, agus is ar Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide a bronnadh an tríú cuid den mhaoiniú.

Tá Fiontraíocht Éireann freagrach as an Líonra Tacaíochta Náisiúnta do Horizon 2020 agus ba é a d'eagraigh an t-imeacht seo i gcomhpháirt le hOifig Taighde UCC. Bhí an méid seo le rá ag an Dr Sergio Fernandez-Caballos, duine de chomhairleoirí AE Fiontraíocht Éireann: ‘Braitheann an rath a bheidh ar thaighdeoirí agus ar chuideachtaí i nglaonna Horizon 2020 amach anseo ar laethanta eolais mar seo. Trí dheiseanna líonraithe a chur ar fáil do na pobail seo, mar aon le heolas tábhachtach a roinnt leo, d'fhéadfadh na laethanta seo a bheidh mar bhonn le tograí ar ardchaighdeán a mbeidh maoiniú mar thoradh orthu.’

Chuir an tAire clabhsúr lena chuid cainte trí Líonra Tacaíochta Náisiúnta Horizon 2020 a mholadh as an obair atá déanta acu: ‘Is mian liom an earnáil thionsclaíoch go háirithe a spreagadh leanúint leis an dul chun cinn atá déanta go dtí seo. Is ionann Horizon 2020, clár ina leagtar béim ar iomaíochas, agus ar fhorbairt agus ar phoist chliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach, agus deis don earnáil thionsclaíoch níos mó tairbhe ná riamh a bhaint as rannpháirtíocht thionsclaíoch.’

CRÍOCH/

Breis eolais: Preasoifig, An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta

01- 6312200 nó press.office@djei.ie

Grianghraif:

John Allen Images

Nótaí d'Eagarthóirí

Is é Horizon 2020 creatchlár reatha an AE do thaighde agus do nuálaíocht. Tá buiséad beagnach €80 billiún luaite leis an gclár, agus beidh Horizon 2020 á reáchtáil thar thréimhse 7 mbliana idir 2014 – 2020. Is comharba ar FP7 (Creatchlár 7) é Horizon 2020 agus is ionann é agus an clár taighde agus nuálaíochta is mó a reáchtáladh san AE riamh. Tá struchtúr níos simplí ar Horizon 2020 ná mar a bhí ar chláir eile roimhe seo agus níl an próiseas iarratais casta. Tá eolas ginearálta agus breis sonraí faoin gclár le fáil ag príomhláithreán gréasáin Horizon 2020

Fáiltítear roimh iarratais ar chlár Horizon 2020 ó thaighdeoirí aonair, institiúidí ardoideachais, eagraíochtaí taighde agus ón tionscal príobháideach, fiontair bheaga agus mheánmhéide san áireamh. I measc na bhforbairtí tionsclaíocha is suntasaí tá béim ar nuálaíocht agus uirlis a bhunú a thugann deis d'Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide nuálacha iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú suntasach (na milliúin euro) gan a bheith ag obair le comhpháirtithe Eorpacha. 

Tá Fiontraíocht Éireann i gceannas ar Líonra Horizon 2020 na hÉireann, líonra a bhfuil Pointí Teagmhála Náisiúnta agus Toscairí Náisiúnta ó ghníomhaireachtaí agus ó Ranna éagsúla taighde agus tionsclaíocha páirteach ann. Tá tuilleadh eolais agus sonraí teagmhála le fáil ag www.horizon2020.ie

Ceannaireacht Thionsclaíoch in 2020  

Tá sé mar aidhm leis an gCeannaireacht Thionsclaíoch atá luaite faoi Horizon 2020 dlús a chur faoi fhorbairt teicneolaíochtaí agus nuálaíochtaí a thacóidh le gnóthaí nua amach anseo agus a chabhróidh le Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide nuálacha Eorpacha, forbairt agus cáil mar chuideachtaí ceannródaíocha a bhaint amach dóibh féin. 

Seo a leanas na príomhchuspóirí:

  • "Ceannaireacht i dteicneolaíochtaí cumasúcháin agus tionsclaíocha": tá sé mar aidhm leis seo tacaíocht ar leith a sholáthar do thaighde, d'fhorbairt agus do thaispeántas agus, áit ar cuí, do chaighdeánú agus do dheimhniú, teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide (TFC), nanaitheicneolaíocht, ardábhair, biteicneolaíocht, ard-déantúsaíocht agus ardphróiseáil agus spás.  
  • "Rochtain ar mhaoiniú riosca": tá sé mar aidhm leis seo déileáil leis na dúshláin a bhíonn ag cuideachtaí agus ag tionscadail T&F agus nuálaíocht-dírithe ag céimeanna éagsúla forbartha maoiniú fiachais agus cothromais a fháil.  
  • "Nuálaíocht i bhFiontair Bheaga agus Mheánmhéide": tá sé mar aidhm leis seo tacaíocht speisialaithe a sholáthar d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide chun cineálacha éagsúla nuálaíochta a spreagadh i bhfiontair dá leithéid, agus díriú go sonrach ar na fiontair sin a bhfuil d'acmhainn acu fás agus forbairt ar scála idirnáisiúnta ar fud an mhargaidh aonair agus níos faide.