Nuacht & Imeachtaí

Léirítear i dtaighde nua gur cúis le €38 billiún in onnmhairí agus le 48,000 post dearaidh í earnáil dearaidh na hÉireann - an tAire Nash

Deir Bliain an Dearaidh Éireannaigh gur cruthaíodh píblíne onnmhairiúcháin de €20m sa bhreis Dar le Nash: “Ní mór deireadh a chur leis an bhfaillí atá á déanamh sa dearadh”

Tá éachtaí suntasacha tagtha as an tionscnamh Rialtais chun luach an dearaidh Éireannaigh agus an clú atá air a chur chun cinn. Sin é tuairim Ged Nash TD, an tAire a bhfuil freagracht speisialta air maidir le Gnó agus Fostaíocht. Rinneadh an fhógairt inniu (Dé Máirt an 26 Eanáir) ag ócáid le linn Showcase, Móraonach Cruthaitheach Idirnáisiúnta na hÉireann atá ar siúl i gCumann Ríoga Bhaile Átha Cliath i mBaile Átha Cliath.  

D’fhoilsigh an tAire Nash na torthaí ar Bhliain an Dearaidh Éireannaigh 2015 (ID2015) agus taighde nua lena dtugtar mionsonraí faoi luach an dearaidh in Éirinn. Tionscnamh bliana a bhí in ID2015 ina ndearnadh iniúchadh, cur chun cinn agus ceiliúradh ar dhearadh Éireannach ar fud na tíre agus lasmuigh den tír. Ba é Comhairle Dhearaidh agus Cheardaíochta na hÉireann (CDCÉ), i gcomhar le heagraíochtaí comhpháirtíochta, a thionóil é thar ceann na Roinne Post, Fiontar agus Nuálaíochta, na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála agus Fhiontraíocht Éireann.

De réir CDCÉ, tá na nithe seo ar na mórthorthaí ar ID2015:

  • Taispeánadh 2,000+ dearthóir Éireannach tríd an gclár
  • Tacaíodh le 270+ cuideachta Éireannach páirt a ghlacadh in imeachtaí tábhachtacha idirnáisiúnta
  • Cruthaíodh píblíne díolacháin onnmhairiúcháin is fiú breis agus €20m go dtí seo trí phríomhchláir ID2015
  • Cláraíodh 370+ gnóthas nua dearaidh in Éirinn sa bhliain 2015
  • Bunaíodh 15 líonra nua réigiúnacha agus earnála dearaidh
  • Soláthraíodh 670 tionscadal agus imeacht, lena n-áirítear 160 tionscadal ag leibhéal idirnáisiúnta, agus iad ag freastal ar spriocphobal a chuimsíonn breis agus 1.5 milliún duine
  • Cruthaíodh 80+ comhpháirtíocht chorparáideach agus straitéiseach, lena n-áirítear Design Museum (Londain), V&A (Londain) agus Vitra (an Ghearmáin)

 

I staidéar a coimisiúnaíodh mar chuid den chlár agus a foilsíodh inniu dar teideal “Policy Framework for Design in Enterprise in Ireland” (“Creat Beartais maidir le Dearadh i bhFiontraíocht in Éirinn”), léirítear:

  • Gur cúis le €38 billiún in onnmhairí nó le 20% de na honnmhairí iomlána í earnáil an Dearaidh
  • Go bhfuil 48,000 duine nó 2.5% den lucht saothair á bhfostú i róil dearaidh in Éirinn
  • Go luann idir 80% agus 90% de ghnólachtaí an tábhacht a bhaineann le dearadh maidir leis an nuálaíocht, le seirbhís do chustaiméirí agus le brabús
  • Gurb airde onnmhairí earnáil dearaidh na hÉireann ná iad sin sa Ríocht Aontaithe.

Dúirt an tAire Nash: “Deimhníonn ID2015 gurb ann don chruthaitheacht dearaidh in Éirinn ag leibhéal an duine aonair agus ag leibhéal an ghnó araon. Cuireann sé in iúl dúinn freisin go ndéanfar díolacháin onnmhairiúcháin nua, poist chruthaitheacha den scoth a chruthú agus branda cruthaitheach idirnáisiúnta na hÉireann a neartú má dhéantar infheistíocht inár n-acmhainn dearaidh agus inár bhfeidhmíocht dearaidh. Chun déanamh amhlaidh, oibreoidh an Rialtas le Comhairle Dhearaidh agus Cheardaíochta na hÉireann agus le hearnáil an dearaidh chun cuid dhílis den bheartas fiontraíochta a dhéanamh den dearadh agus chun deireadh a chur leis an bhfaillí a dhéantar sa dearadh i bpleananna straitéise nuálaíochta agus i bpleananna gníomhaíochta nuálaíochta na hÉireann.”

Dúirt an tAire Nash go raibh an Rialtas tiomanta cheana féin do ghníomhartha nithiúla a shaothrú maidir leis an dearadh faoin bPlean Gníomhaíochta do Phoist 2016, lena n-áirítear na gníomhartha seo:

  • Acmhainn dearaidh agus feidhmíocht dearaidh na hÉireann a neartú trí thacaí ó Fhiontraíocht Éireann agus ó CDCÉ amhail Cistí Comhair Réigiúnaigh, Cistí do Ghnólachtaí Nuathionscanta, Cur Chun Cinn na Trádála Idirnáisiúnta, tionscnaimh Bhraislithe, Tairseacha Teicneolaíochta, tionscnaimh Ghorlainne agus líonraí réigiúnacha agus earnála
  • Leas a bhaint as deiseanna d’Éirinn cistiú comhair dearaidh AE a ghnóthú
  • Méadú a dhéanamh ar an Tionscnamh ‘Design 4 Growth’ a seoladh mar chuid de ID2015 agus ar threoraigh Oifig Fiontair Áitiúil Chathair Bhaile Átha Cliath é. Tugadh gnólachtaí beaga agus dearthóirí le chéile leis an tionscnamh.
  • Cur chun cinn leantach a dhéanamh ar dhearadh Éireannach trínár nAmbasáidí thar lear agus trí ghníomhaíocht Fhiontraíocht Éireann chun onnmhairí a chur chun cinn
  • Oibreoidh Fiontraíocht Éireann le CDCÉ chun smaointeoireacht dearaidh a chur chun cinn i measc a cuid cliant mar ghné straitéiseach de bhainistíocht ghnó
  • Déanfaidh an Grúpa Saineolaithe ar Riachtanais Scileanna sa Todhchaí de chuid an Rialtais scrúdú ar an soláthar reatha scileanna dearaidh agus iniúchfaidh sé riachtanais scileanna sa todhchaí

“Ní mór dúinn forbairt a dhéanamh ar oidhreacht ID2015 agus coinneoidh na gníomhartha sin an fuinneamh a cruthaíodh le Bliain an Dearaidh Éireannaigh. Creidim gurb ann d’acmhainneacht ollmhór fostaíocht agus onnmhairí a mhéadú i ngnóthais a ghlacann le dearadh mar phríomhfheidhm dá bhfiontar. Tá deis againn freisin an clú ar Éirinn mar fhoinse dearaidh den scoth a neartú tuilleadh,” arsa an tAire Nash mar fhocal scoir.

CRÍOCH