Nuacht & Imeachtaí

Cuireann an tAire Pat Breen TD fáilte roimh an tSeachtain um Shábháilteacht sa Tógáil 2018 agus deir sé go gcuirfidh sí i gcuimhne do gach oibrí a bheith ar an airdeall maidir le sláinte agus sábháilteacht

Chuir an tAire Stáit do Thrádáil, Fostaíocht, Gnó, Margadh Aonair Digiteach an AE agus Cosaint Sonraí, an tUas. Pat Breen TD, fáilte inniu roimh an tSeachtain um Shábháilteacht sa Tógáil 2018.

Is tionscnamh de chuid Choiste Comhairleach na Comhpháirtíochta um Shábháilteacht sa Tógáil í an tSeachtain um Shábháilteacht sa Tógáil. Seasann baill an Choiste do gach duine a bhfuil baint acu le hearnáil na tógála lena n‑áirítear ionadaithe thar ceann fostóirí agus oibrithe, Gníomhaireachtaí Stáit agus comhlachtaí gairmiúla.

Dúirt an tAire Breen, “Cé gur ‘seachtain sábháilteachta’ í gach aon seachtain, ar ndóigh, tugann seachtain thiomnaithe mar seo deis iontach do gach duine atá ag obair in earnáil na tógála a chur i gcuimhne dóibh féin a thábhachtaí agus atá cleachtais oibre shábháilte ó thús go deireadh tionscadail. Is léir go bhfuil freagracht orainn saol agus sláinte na n-oibrithe a chosaint ach, ina theannta sin, laghdaíonn bainistiú ceart sláinte agus sábháilteachta an baol go mbeadh oibrithe as láthair, go mbeadh moill ar thionscadail, go ndéanfaí éilimh, go mbeadh ionchúiseamh i gceist etc agus na costais eacnamaíochta ghaolmhara ar ghnó agus ar an Stát.”

Dúirt an tAire freisin, “Is léir go bhfuil earnáil na tógála faoi bhláth arís. Tá thart ar 145,000 duine fostaithe san earnáil anois agus tá suas le 1000 post nua á gcruthú gach mí. Is iontrálaithe nua iad a lán de na hoibrithe sin. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, go mbainistítear cleachtais sláinte agus sábháilteachta go maith agus go gcuirtear gach oibrí ar an eolas faoi rioscaí agus faoi chontúirtí. Cé gur cuireadh feabhas suntasach ar chleachtais oibre ar fud earnáil na tógála le blianta beaga anuas, bíonn timpistí ann fós. Fuair cúigear bás i mbliana go dtí seo – is mór an chúis bhróin é sin do theaghlach, cairde agus comhghleacaithe oibre an chúigir sin.”

Luaigh an tAire Breen go mbaineann na rioscaí bunúsacha céanna le tionscadail tógála bheaga is a bhaineann le tionscadail ar scála mór agus nach féidir le haon duine a mhaidí a ligean le sruth ina thaobh seo.

Mhol an tAire Coiste Comhairleach na Comhpháirtíochta um Shábháilteacht sa Tógáil, a thuairiscíonn do Bhord an Údaráis Sláinte agus Sábháilteachta, as ucht a chuid oibre leanúnaí agus as ucht a thiomantais do fheabhas a chur ar shábháilteacht in earnáil na tógála.

Críoch

Tá ról lárnach ag an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta chun beartais an Rialtais a chur i bhfeidhm maidir le hacmhainn táirgiúlachta an gheilleagair a spreagadh agus timpeallacht a chruthú a thacaíonn le poist a chruthú agus a chothú. Tá sainchúram ar an Roinn freisin maidir le hiomaíocht chóir sa mhargadh a chinntiú, tomhaltóirí a chosaint agus oibrithe a chosaint.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach dul i dteagmháil leis an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta, press.office@dbei.gov.ie nó (01) 631-2200.