Nuacht & Imeachtaí

Ciallaíonn micrea-airgeadas 'Airgeadas Cothrom do CHÁCH'

Ceiliúrann Microfinance Ireland Lá Micrea-airgeadais na hEorpa ar an 20 Deireadh Fómhair 2017 ach aird a tharraingt ar infhaighteacht maoinithe iasachta do ghnólachtaí beaga

Agus é ina thríú bliain anois, tá sé mar chuspóir ag Lá Micrea-airgeadais na hEorpa feasacht a ardú ar earnáil an mhicrea-airgeadais agus ar bhreisluach earnáil an mhicrea-airgeadais maidir le tacú le tús, le méadú nó le leathnú micreathionscadal.

Tá imeachtaí, a d'eagraigh Líonraí Micrea-airgeadais na hEorpa i gcomhar le comhaltaí líonra, Microfinance Ireland san áireamh, ar siúl ar fud bhallstáit na hEorpa inniu, an 20 Deireadh Fómhair. Díríonn téama na bliana seo ar 'AIRGEADAS COTHROM DO CHÁCH' chun aird a tharraingt ar luach na hearnála micrea-airgeadais chun tacú le daoine aonair agus le gnólachtaí a d'fhéadfaí bheith fágtha ar lár san earnáil thraidisiúnta airgeadais ar chúis amháin nó ar chúis eile.

Dúirt Pat Breen T.D., an tAire d'Fhostaíocht agus do Ghnóthais Bheaga: "Tá ról fíorthábhachtach ag Microfinance Ireland mar iasachtóir neamhbhrabúis mar go soláthraíonn sé iasachtaí do ghnólachtaí beaga a thugann an tacaíocht airgeadais dóibh atá ag teastáil chun a ngnólacht a bhunú nó a fhás. Tá sé riachtanach go bhfuil teacht ag gnólachtaí nua-thionscanta agus ag gnólachtaí beaga ar mhicrea-airgeadas chun cultúr fiontraíochta agus fiontair a chothú i ngach pobal ar fud na hÉireann. Tá sé san áit cheart anois chun éascaíocht a dhéanamh ar fhiontraíocht i measc na ndaoine nach bhfuil rannpháirtíocht rialta acu le soláthraithe creidmheasa príomhshrutha. .”

Bhunaigh an Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta (an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta anois) Microfinance Ireland in 2012 agus oibríonn sé i gcomhpháirt le líonra na n-Oifigí Fiontair Áitiúla agus le Cuideachtaí Forbartha Áitiúla, chun iasachtaí a chur ar fáil do ghnólachtaí beaga.   Cuirtear tacaíocht bhreise ar fáil chun iarratasóirí iasachta a fhaomhadh trí chúnamh meantóireachta a sholáthraítear trí orduithe fordheidhmithe an dlí Tá tuilleadh eolais faoi na pacáistí iasachta agus faoin tseirbhís meantóireachta ó Microfinanace Ireland ar fáil ag www.microfinanceireland.ie.                                                                                                                              

CRÍOCH

Déan teagmháil le Engage Ireland maidir le ceisteanna ó na meáin:

Sarah Bohan ag: 01 4278388 / Ríomhphost: sbohan@engageireland.com

Nótaí d’eagarthóirí

Faoi Microfinanace Ireland (MFI) www.microfinanceireland.ie: Bunaíodh Microfinanace Ireland, mar iasachtóir neamhbhrabúis, chun Ciste Iasachta do Mhicreaghnóthas de chuid an Rialtais a chur ar fáil. Baineann Microfinance Ireland tairbhe as ráthaíocht a maoiníonn an tAontas Eorpach í faoin gClár um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta (EASI).

Pacáistí Iasachta de chuid Microfinance Ireland

Iasachtaí Nuathionscanta: €5,000 - €25,000 do bhunú nó do thrádáil luath na ngnólachtaí

Iasachtaí Sreabhaidh Airgid: €5,000 - €25,000 do ghnólachtaí reatha chun tacú le sreabhadh airgid agus le costais reatha laethúla

Iasachtaí Leathnaithe: €5,000 - €25,000 do ghnólachtaí reatha chun tacú le forbairt agus le leathnú gnólachtaí

Iasachtaí Beaga: €2,000 - €5,000 do ghnólachtaí beaga (Gnólachtaí Nua-thionscanta agus Reatha) a bhfuil riachtanais ísle chistiúcháin leo

Faoi Lá Micrea-airgeadais na hEorpa

Beidh an tríú Lá Micrea-airgeadais de chuid na hEorpa (#EMD2017) ar siúl Dé hAoine, an 20 Deireadh Fómhair 2017.

Tá sé mar chuspóir aige feasacht a ardú ar earnáil an mhicrea-airgeadais agus í ag dul i ngleic le heisiamh sóisialta agus le dífhostaíocht ar fud na hEorpa.

 Tacaíonn na grúpaí seo a leanas leis an imeacht:

- An Coimisiún Eorpach - Ard-Stiúrthóireacht na Fostaíochta, na nGnóthaí Sóisialta agus an Cuimsithe

Grúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta: An Banc Eorpach Infheistíochta (BEI), an Ciste Eorpach Infheistíochta agus Institiúid an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta

- Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa