Nuacht & Imeachtaí

Leasú ó bhonn ar dhlí na dtrádmharcanna tugtha isteach ag an Aire Humphreys a bhfuil sé mar aidhm leis costais a laghdú agus níos mo cinnteachta ó thaobh dlí de a chur ar fáil le haghaidh gnó

• Is é seo an chéad mhór-athchóiriú ar dhlí na dtrádmharcanna le níos mó ná 20 bliain
• Beidh córais cláraithe trádmharcanna níos inrochtana agus níos éifeachtúla do ghnólachtaí de bharr an athchóirithe seo

Baile Átha Cliath, Éire, an 14 Eanáir 2019

Tá an tAire Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta, Heather Humphreys TD, tar éis leasú ó bhonn ar dhlí na dtrádmharcanna in Éirinn a thabhairt isteach. Is é an toradh a bheidh air seo ná costais níos ísle agus níos mó cinnteachta ó thaobh dlí de le haghaidh gnó. Tagann an t-athchóiriú seo sna sála ar threoir ón AE a trasuíodh i ndlí na hÉireann agus is é an chéad mhór-athchóiriú ar dhlí na dtrádmharcanna in Éirinn é le níos mó ná 20 bliain.

Leis an Treoir atá á trasuí i ndlí na hÉireann, athchóirítear córas na dtrádmharcanna san Eoraip agus déantar nua-aimseartha é, tugtar dlíthe náisiúnta na mBallstát AE níos gaire fós dá chéile, athchóirítear nósanna imeachta chun éifeachta, éascaítear comhoibriú, tacaítear le bearta um fhrith-ghóchumadh agus cuirtear bealaí cothrom le dáta ar fáil chun trádmharc a chosaint. Déanann sé sin ar fad freastal níos fearr ar an timpeallacht ghnó nua-aimseartha agus tugann léiriú níos fearr uirthi.

Chuir an tAire Humphreys fáilte roimh an bhforbairt seo agus dúirt, “Is é an aidhm atá leis an athchóiriú seo ná an nuálaíocht agus fás geilleagrach a chothú ach a chinntiú go mbeidh córais cláraithe trádmharcanna ar fud an AE níos inrochtana agus níos éifeachtúla le haghaidh gnó ó thaobh costais agus castacht níos ísle, luas níos mó, intuarthacht níos mó agus cinnteacht dhlíthiúil.”

San Eoraip, is féidir trádmharc a chlárú ag leibhéal náisiúnta ag oifigí Maoine Intleachtúla na mBallstát, nó ag leibhéal AE mar Thrádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ag Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh.

Cé gur úsáideoirí tábhachtacha de chuid an chórais Eorpaigh iad gnóthais bheaga agus mheánmhéide anois, is minic is fearr leo fós na córais náisiúnta ó tharla go mb’fhéidir nach bhfuil cosaint de dhíth ar a dtrádmharc ag leibhéal an AE. Beidh an dlí agus na nósanna imeachta a bhaineann le trádáil in Éirinn níos nua-aimseartha de bharr na bhforálacha nua agus leasaithe seo a bheith á dtabhairt isteach. Tá sé mar aidhm go mbeidh córas na hÉireann níos gaire do chóras na dTrádmharcanna de chuid an Aontais Eorpaigh, agus comhoibriú a éascú idir oifigí Maoine Intleachtúla na mBallstát agus Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh.

Dúirt an tAire Oiliúna, Scileanna, Nuálaíochta, Taighde agus Forbartha, John Halligan T.D., “Is céim chun cinn dhearfach é go mbeidh dlí na dtrádmharcanna in Éirinn agus san AE níos nua-aimseartha ó tharla go bhfuil sé mar aidhm leis go mbeidh córas na dtrádmharcanna fós in ann riachtanais an ghnó a chomhlíonadh de réir mar a bheidh an teicneolaíocht ag forbairt.”
Na hIonstraimí Reachtúla lena dtrasuífear an Treoir, tiocfaidh siad i bhfeidhm an 14 Eanáir 2019.

Críoch

Nótaí d’Eagarthóirí

Sonraí faoi na hIonstraimí Reachtúla
Shínigh an tAire Humphreys ceithre Ionstraim Reachtúla a thrasuíonn Treoir (AE) 2015/2436 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun dlíthe na mBallstát i dtaca le trádmharcanna a chomhfhogasú (athmhúnlú).
1. I.R. Uimh. 561 de 2018 Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Trádmharcanna), 2018
Leis na Rialacháin seo, arna ndéanamh de bhun Acht na gComhphobal Eorpach, 1972, leasaítear agus síntear forálacha áirithe de chuid Acht na dTrádmharcanna, 1996 chun éifeacht reachtúil sa Stát a thabhairt do Threoir (AE) 2015/2436 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2015 lena leasaítear Treoir 2008/95/EC a bhaineann le trádmharcanna agus d’fhorálacha áirithe de chuid Rialachán (AE) 2017/1001 ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 ar Thrádmharc an Aontais Eorpaigh.

2. I.R. Uimh. 562 de 2018 Rialacha na dTrádmharcanna (Leasú), 2018
Is é an príomhrud a dhéantar leis an Ionstraim Reachtúil seo ná nósanna imeachta a leagtar síos i dTreoir (AE) 2015/2436 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2015 a thrasuí agus, ar an gcaoi sin, leasaítear agus síntear forálacha áirithe de chuid reachtaíocht thánaisteach trádmharcanna na hÉireann, is é sin Rialacha na dTrádmharcanna, 1996.

3. I.R. Uimh. 563 de 2018 Na Rialacháin um Acht na dTrádmharcanna, 1996 (Trádmharc Comhphobail) (Leasú), 2018
Leis na Rialacháin seo leasaítear forálacha teicniúla áirithe sna Rialacháin um Thrádmharc Comhphobail, 2000 (I.R. Uimh. 229/2000). Tá na leasuithe á ndéanamh chun éifeacht a thabhairt d’athruithe teicniúla ar fhorálacha áirithe agus d’athruithe ar théarmaíocht atá ag éirí as Rialachán (AE) Uimh. 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa ar Thrádmharc an Aontais Eorpaigh.
Faoi Rialachán 2017/1001 ón gComhairle, ní féidir le iarratasóirí ar thrádmharcanna AE a n-iarratas a chur chuig oifig náisiúnta a thuilleadh mar ní mór gach iarratas a chur go díreach chuig Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh anois. Dá bhrí sin, cúlghairtear leis na Rialacháin seo Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Trádmharc Comhphobail), 1996 (I.R. Uimh. 10/1996), a fhorálann do tháille fála nó láimhseála a ghearradh as iarratais ar thrádmharc AE a fháil agus a chur ar aghaidh chuig Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh.

4. I.R. Uimh. 564 de 2018 Na Rialacha um Paitinní, Trádmharcanna agus Dearaí (Táillí) (Leasú), 2018
Leis an Ionstraim Reachtúil seo tugtar isteach leasuithe ar na Rialacha um Paitinní, Trádmharcanna agus Dearaí (Táillí), 2001 (I.R. Uimh. 482 de 2001).

Críoch

Tá ról lárnach ag an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta chun beartais an Rialtais a chur i bhfeidhm maidir le hacmhainn táirgiúlachta an gheilleagair a spreagadh agus timpeallacht a chruthú a thacaíonn le poist a chruthú agus a chothú. Tá sainchúram ar an Roinn freisin maidir le hiomaíocht chóir sa mhargadh a chinntiú agus tomhaltóirí agus oibrithe a chosaint.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach dul i dteagmháil leis an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta, press.office@dbei.gov.ie nó (01) 631-2200.
Is féidir a chur in iúl dúinn nach mian leat ríomhphoist a fháil ó Phreasoifig na Roinne Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta ach ríomhphost a chur chuig press.office@dbei.gov.ie