A nDéanaimid

Tugann an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta comhairle i dtaca le polasaithe an Rialtais maidir le hacmhainn tháirgiúil an gheilleagair a spreagadh agus timpeallacht a chruthú a chumasaíonn cruthú fostaíochta agus inbhuanaitheacht, agus cuireann an Roinn i bhfeidhm iad. Tá sé de dhualgas ar an Roinn freisin iomaíocht chóir a chur chun cinn sa mhargadh, agus tomhaltóirí agus oibrithe a chosaint.

How can we help you?

Nuálaíocht Fiontair

Tá an infheistíocht sa nuálaíocht ar ina comhpháirt riachtanach den tacú le geilleagar fiontraíoch agus táirgiúil. Cuidíonn tacaíocht an Rialtais don nuálaíocht jabanna ar ardluach a chruthú agus a choinneáil agus cuidíonn sé le hinfheistíocht a mhealladh agus gnó a fhorbairt in Éirinn. Tugann an roinn maoiniú agus spreagadh don nuálaíocht faoi stiúir fiontair trí raon de chláir agus tacaí a chuirtear ar fáil den chuid is mó trí Fiontar Éireann agus IDA Ireland.

Trádáil agus Infheistíocht

Spreagaimid an fhorbairt agus seachadadh ar chláir forbartha fiontair IDA Ireland, an phríomhghníomhaireacht atá freagrach as infheistíocht dhíreach eachtrach a mhealladh agus Éire a chur chun cinn mar an tír bheag is fearr ar domhan le gnó a dhéanamh inti. Cuirfimid an fhorbairt ar onnmhairí na hÉireann chuig margaí an domhain agus oibrímid le Fiontraíocht Éireann chun cuidiú le comhlachtaí na hÉireann rath domhanda a bhaint amach.

Tacaí do FMBanna

Cuirimid raon de thacaí saincheaptha ar fháil d’fhiontar de gach méid in Éirinn. Áirítear leis na tacaí rochtain ar airgeadas, forbairt bainistíochta, tacaí meantóireachta, cláir forbartha gnó, tacaí margaidh agus cur chun cinn trádála. Bíonn caidreamh struchtúrtha againn leis na príomhpháirtithe leasmhara agus déanfaimid abhcóideacht ar fud an Rialtais lena chinntiú go gcuirfear riachtanais FMBanna san áireamh i bhforfheidhmiú beartais náisiúnta.

An Timpeallacht Gnó

Bíonn caidreamh ag an roinn le príomhpháirtithe leasmhara de déileáil le saincheisteanna a thagann chun cinn ar bhonn gnó nó earnála ar fud na réimsí uile de ghníomhaíocht fiontair. Tá na tionscnaimh gnó agus earnála seo thar raon leathan de réimsí a chlúdaíonn earraí agus seirbhísí a thrádáiltear go hidirnáisiúnta, chomh maith leis an earnáil trádála intíre. Is í an phríomhbhéim forbairt agus forfheidhmiú a dhéanamh ar bheartas chun feabhas a chur ar an timpeallacht fiontair a chuideoidh le bunú agus fás comhlachtaí iomaíocha in Éirinn agus forbairt inbhuanaithe ar fhiontair de gach méid.

Ionad Oibre agus Scileanna

Déanaimid deimhin de trí obair ar leibhéil náisiúnta agus idirnáisiúnta go mbíonn ionaid oibre sábháilte, go mbíonn meas ar chearta fostaíochta, go gcuirtear caidreamh tionsclaíoch comhchuí chun cinn agus go ndéantar aon agóidí nó sáruithe a láimhseáil go héifeachtach agus go héifeachtúil; go ndéantar riachtanais scileanna a aithint agus a shásamh trí ailíniú ar sholáthar oideachais agus, de réir mar is gá, trí imirce eacnamaíochta spriocdhírithe agus éifeachtach.

AE agus an Margadh Inmheánach

Tá ról ceannaireachta agus comhordaithe againn i dtaca le Comhairle Iomaíochais an AE agus i dtaca leis an Margadh Aonair agus i gcoitinne i dtaca le Clár Oibre AE na roinne a chur chun cinn. Glacaimid páirt go honnghníomhach ar leibhéal institiúideach an AE agus lenár gcomhpháirtithe AE d’fhonn a chinntiú go gcuirfear bearta tosaíochta AE na roinne chun cinn. Tacaímid lenár nAirí ina n-iarrachtaí chun torthaí beartais intíre agus AE a bhaint amach a, thacaíonn, go háirithe, le cláir oibre fiontair, iomaíochais, an mhargaidh aonair agus nuálaíochta. I dtaca le Brexit, déanfaimid deimhin de go mbíonn cur chuige comhordaithe agus ciallmhar i dtaca le Brexit thar réimsí beartais uile na roinne.

Dlí Cuideachta agus Corparáideach

Leis an dlí cuideachta cuirtear an creat reachtúil ar fáil do struchtúr agus oibríocht cuideachtaí atá cláraithe in Éirinn, cé acu intíre nó eachtrannach. Féachtar leis le cothromaíocht a chinntiú idir simpliú ar rith gnólachta ó lá go lá; cosaintí riachtanacha a choinneáil dóibh siúd a bhíonn ag déileáil le cuideachtaí, ar nós creidiúnaithe agus infheisteoirí; agus réimeas rialachais corparáidigh a chur ar bun le comhlíonadh a chinntiú. Tá an dlí seo in Acht na gCuideachtaí 2014 agus ionstraimí reachtúla gaolmhara. Eascrann roinnt dlí cuideachta as reachtaíocht AE. Tá réimeas den chineál céanna i bhfeidhm ar chumainn tionscail agus choigiltis agus ar chara-chumainn.

Tomhaltóirí agus Iomaíocht

D’fhonn cuidiú le margaí obair níos éifeachtaí do thomhaltóirí agus don gheilleagar i gcoitinne, tagann ár gcuid oibre faoi dhá phríomh-cheannteideal: beartas náisiúnta agus beartas AE i dtaca le cúrsaí reatha iomaíochta agus tomhaltóirí; agus tacaíocht agus caidreamh agus monatóireacht ar an gCoimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí.